NY-IRISH-L Archives

Archiver > NY-IRISH > 2006-11 > 1163009853


From: <>
Subject: [NY-IRISH] Leabhar na Bliana 2006 / Book of the Year 2006
Date: Wed, 8 Nov 2006 13:17:33 -0500


A chairde,

Tá áthas ar Chumann Carad na Gaeilge fógraí a scaipeadh faoi ranganna agus imeachtaí na Gaeilge mar seo thíos. Le bhur dtoil, insigí dúinn faoi bhur n-eachtraí ionas gur féidir linn poiblíocht shaor in aisce a dhéanamh daoibh. Tá an teachtaireacht seo ag dul amach go heagraíochtaí cultúrtha Éireannacha i Meiriceá Thuaidh agus go breis agus 160 múinteoir, scoil, agus eagraíocht na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh amháin. / The Philo-Celtic Society is pleased to spread the word about Irish language classes and events like this one below. Please tell us about your activities so that we can do free publicity for you. This announcement is going out to Irish cultural organizations in North America and to more than 160 Irish language teachers, schools, and organizations in North America alone.

Le gach dea-ghuí,
Gearóid Ó Ceallaigh / Jerry Kelly
Rúnaí Fógraíochta / Publicity Secretary
Cumann Carad na Gaeilge / The Philo-Celtic Society
<http://www.philo-celtic.com/>; www.philo-celtic.com



FÓGRA / ANNOUNCEMENT

(Gaeilge thuas 7 aistriúchán go Béarla thíos / Irish above & English translation below)

CLÓ MHAIGH EO
www.leabhar.com

PREASRÁITEAS / PRESS RELEASE



Mayo writer wins Oireachtas Book of the Year Award for Young People

Duais Leabhar Na Bliana do Dhaoine Óga 2006 bronnta ar scribhneoir as Co. Mhaigh Eo

_________________________________________

Ag ócáid le linn Oireachtas na Gaeilge in Óstán na Cathrach i nDoire Cholmcille inné, bronnadh Duais Liteartha an Oireachtais do Leabhar Na Bliana do Dhaoine Óga 2006, ar fiú €10,000 é, ar an scríbhneoir agus an foilsitheoir, Colmán Ó Raghallaigh.

Is é an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív a d’fhógair na torthaí agus is é an drámadóir clúiteach, Brian Friel, a rinne an bronnadh. Craoladh an searmanas beo ar Raidió na Gaeltachta.

Is as Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo do Cholmán Ó Raghallaigh agus bronnadh an duais air dá leabhar An Táin, insint úr bhríomhar ar an scéal is iomráití i dteanga na hÉireann, an Táin Bó Cuailgne.

As 16 leabhar a cuireadh isteach ar an gcomórtas, roghnaíodh 3 leabhar don ghearrliosta.

Cuireadh san áireamh fiúntas an ábhair, dearadh an leabhair,
an leagan amach, idir théacs agus learáidí, caighdeán na clódóireachta agus an chaoi ar fhreastail an foilseachán ar riachtanais an phobail.

I measc na mbreitheamh ar an bpainéal bhí Blathnaid Ó Brádaigh (Cathaoirleach); Alan Titley (Ollamh le Gaeilge, NUI Corcaigh); Seán Ó Baoill (Columba Preas); Des Kenny (Siopa Leabhar Uí Chionnaith); Rhoda Uí Chonaire (Ealaíontóir); agus Paul Drury (Eagarthóir, Ireland on Sunday).




The Oireachtas na Gaeilge Irish Language Book of the Year award for Young People (Leabhar Na Bliana do Dhaoine Óga 2006) has been won by writer and publisher, Colmán Ó Raghallaigh, of Claremorris, Co. Mayo, for his graphic novel An Táin.

The award of €10,000, which is sponsored by Bord na Leabhar Gaeilge, was announced by Minister Éamon Ó Cuív and presented by playwright Brian Friel at a special ceremony in the City Hotel, Derry yesterday. The event, which formed part of the annual Oireachtas na Gaeilge festival, was broadcast live by Raidió na Gaeltachta.

The winning title is a retelling in contemporary graphic novel form of the Táin Bó Cuailgne, the famous cattle-raid on Ulster. The shortlisted books were chosen for their content, design, layout, including text and illustrations, standard of printing and how they meet the needs of their target audience. In total 16 titles were entered in the Young People’s Competition and reduced to a shortlist of 3.

The prestigious annual literary awards are organised by Oireachtas na Gaeilge and sponsored by Bord na Leabhar Gaeilge. Previous winners in Oireachtas literary competitions include works by Máirtín Ó Cadhain, Máirtín Ó Direáin, Máire Mhac an tSaoi, Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel Rosenstock and many others.

The Judging Panel were Blathnaid Ó Brádaigh (Chairperson); Prof Alan Titley (Professor of Irish, NUI Cork); Seán Ó Baoill (Columba Press); Des Kenny (Kenny’s Bookshop Galway); Rhoda Uí Chonaire (Artist); and Paul Drury (Editor, Ireland on Sunday).

094-9371744 / 086-8859407

www.leabhar.com <http://www.leabhar.com/>;









This thread: